Príobháideachas, fianáin agus GDPR

Béarla

Tá an ráiteas príomháideachais seo cruthaithe ag An Timire / FS lenár dtiomantas daingean don phríobháideachas a léiriú.

Ráiteas Prionsabal Ginearálta

Mar atá mínithe go mion thíos, is dár n-úsáid féin amháin aon eolas a bhailítear ar an suíomh seo agus ní roinntear é le haon dream eile, príobháideach nó poiblí, ar chúis ar bith. Ní dhíolfaimid aon liostaí nó aon eolas eile atá bailithe againn agus ní thabharfaimid d’aon dream eile iad.  Ní cheannaímid eolas mar sin ó fhoinsí eile ach an oiread.

Sonraí Staitistiúla

Déanann ár bhfriothálaithe (cosúil le friothálaithe eile) rianú ar sheoltaí IP agus leathanaigh thagarthacha le cuidiú le cothú agus feabhsaithe suímh. Féachtar ar an eolas seo mar staitisticí anaithnid chun an t-am is gnóthaí sa tseachtain a léiriú, leathanaigh le botúin a aimsiú agus le fáil amach cé chomh héifeachtach is atá ár bhfógraíocht.  Ní úsáidtear an t-eolas seo ar chúis ar bith eile.

Eolas Pearsanta – Foirmeacha Ordaithe

Seachas eolas faoi chártaí creidmheasa, coimeádaimid eolas ó d’fhoirm ordaithe chun saincheisteanna a rianú nó le féachaint ar ordú a deineadh roimhe seo chun cuidiú linn seirbhís do chustaiméirí a chur ar fáil. Is féidir leat do chuid eolais ar fad a bhaint den chóras seo ach ríomhphost a chur go antimire@gmail.com.  Ní stórálaimid aon eolais faoi dhíolacháin.

Eolas a cheartú nó a bhaint

Má theastaíonn uait aon eolas fút a a cheartú, a uasdátú nó a bhaint dár dtaifead, seol ríomhphost chugainn ag antimire@gmail.com le do thoil le sonraí d’iarratas. Má theastaíonn uait níos mó teagmhála a dhéanamh linn, gheobhaidh tú a thuilleadh sonraí teagmhála ar ár leathanach sonraí teagmhála.

Fianáin

Is éard atá i bhfianáin ná comhaid ina bhfuil beagán sonraí, d’fhéadfadh aitheantóir uathúil anaithnid a bheith mar chuid den chomhad. Cuirtear fianáin chuig do bhrabhsálaí ó shuíomh gréasáin agus coimeádtar iad ar chruadhiosca do ríomhaire.  Úsáidimid fianáin chun an t-ábhar atá i do thrucail a stóráil duit. Is féidir leat ordú a thabhairt do do bhrabhsálaí diúltiú d’fhianáin nó tú a chur ar an eolas nuair atá fianán á sheoladh chuig do ríomhaire. Sin ráite, muna nglacann tú le fianáin, seans nach mbeidh tú in ann an ‘checkout’ ar ár suíomh a úsáid.

Athruithe don Pholasaí Príobháideachas Seo

Tá an polasaí príobháideachais seo i bhfeidhm ó 22 Bealtaine 2018 agus beidh sé i bhfeidhm seachas athruithe amach anseo a bheidh i bhfeidhm go díreach i ndiaidh dóibh a bheith foilsithe ar an leathanach seo.